Léiriú Spéise - Tacaíocht teangan a thabhairt do theifigh na hÚcráine
Ba mhaith le Tobar Dhuibhne liosta a chur le chéile do dhaoine a bheadh toilteannach i bprionsabal cabhrú le teifigh ar bonn tacaíochta teangan. Bíodh sé sin chomh simplí le ham a chaitheamh leo, rince / amhránaíocht / ealaíon a dhéanamh leo, spórt tré mheán na Gaelainne a éascú dóibh, nó ranganna teanga dos na leanaí agus dos na tuismitheoirí a theagasc. Tá tábhacht nach beag ag baint le fáilte a chur roimis na teifigh seo chun na Gaeltachta, agus go mbeidh imeasacadh ann le pobal na Gaelainne sa cheantar.
Beidh bileog théarmaíochta (Gaelainn / Úcráinis) agus físeán (Gaelainn / Úcráinis) ag teacht ós na hOifigigh Pleanála Teanga go luath agus eagrófar roinnt imeachtaí agus ócáidí as seo amach chun go mbeidh ar chumas na dteifeach Gaelainn a shealbhú agus an aistriú a dhéanamh níos fusa orthu, agus ar phobal na Gaeltachta.