Míle buíochas as spéis a léiriú i bpáirt-scoláireacht don dTeastas i Múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta ar líne le hOllscoil Mhá Nuad.
Tá na scoláireachtaí seo á dtairiscint ag Tobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar, chun freastal ar an éileamh atá ann do ranganna Gaelainne i gCorca Dhuibhne, agus chun oilliúint a chur ar fáil d'áisitheoirí agus do mhúinteoirí sa dúthaigh. Raghaidh a leithéid de chúrsa chun sochar na Gaelainne i gceantar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne.
Tabhair fé ndeara na riachtanais iontrála a bhaineann leis an gcúrsa, agus an sprioclá d'iarrataisí ar an gcúrsa. Is féidir clárú don gcúrsa ar
www.pac.ie. Cúrsa páirt-aimseartha ar líne is ea é, agus costas €600 air. Clúdóidh an páirt-scoláireacht seo méid áirithe den gcostas. Tosnóidh an cúrsa i Meán Fómhair 2023 agus beidh sé ar siúl go dtí Meitheamh 2024. Tá gach eolas ar an gcúsa ar fáil anseo:
https://www.maynoothuniversity.ie/larionad-gaeilge-centre-irish-language/teastas-ar-l-ne-i-m-ineadh-na-gaeilge-d-aosaigh Níl le deineamh anois le bheith san áireamh don scoláireacht ach an fhoirm thíos a líonadh isteach. Deinfear teagmháil leis na hiarrathóirí nuair a bheidh tairiscintí déanta ar áiteanna ar an gcúrsa mí Iúil / Lúnasa chun uasdhátú a thabhairt air seo.
Coiníollacha: * Ní chiallaíonn iarratas a dhéanamh ar an scoláireacht seo agus spás a fháilt ar an gcúrsa le Lárionad na Gaeilge i Má Nuad. Beidh ar iarrathóirí iarratas a dhéanamh ar an gcúrsa go neamhspleách ón bhfoirm seo. (Is féidir ceisteanna fé seo a chur go Ailín Ní Chonchúir:
ailin.nichonchuir@mu.ie)
* Daoine ó Chorca Dhuibhne nó daoine atá ag maireachtaint in LPT Chiarraí Thiar amháin atá incháilithe don scoláireacht seo.
* Sa chás go mbronnfar scoláireacht ort, agus páirt á ghlacadh agat sa chúrsa seo, tá sé mar choiníoll go ndeinfeá áisitheoireacht ar rang, cleachtadh cainte nó imeacht teangan eile amach anseo do mhuintir Chorca Dhuibhne i gcomhar le Tobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar.