Beidh an naoú comhdháil bhliantúil á reáchtáil ag Cumann Mhic Léinn Cheiltise na hÉireann agus na Breataine ar an 22ú go dtí 24ú Deireadh Fómhair 2021. De bharr phaindéim COVID-19, tá sé i gceist againn an chuid is mó d'imeachtaí na comhdhála a reáchtáil ar líne, le páipéir agus gnéithe áirithe ar siúl sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. D'fhéadfadh gach socrú athrú ag brath ar chomhairle agus ar shrianta náisiúnta sláinte de réir mar a fhorbraíonn cúrsaí.
Cuirimid fáilte roimh pháipéir i mBéarla agus in aon cheann de na teangacha Ceilteacha. Glacaimid le páipéir ó mhic léinn reatha agus ó chéimithe nua ar aon ghné den Léann Ceilteach, agus ar aon ábhar a bhaineann le haon cheann de na teangacha, daoine, litríochtaí, startha agus/nó cultúir Cheilteacha. Ba cheart do pháipéir chomhdhála a bheith idir 15-20 nóiméad.
Ba cheart achoimrí (uasmhéid de 200 focal) a chur isteach thíos roimh Dé hAoine 27ú Lúnasa 2021.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil linn ag
celticstudents.conference@gmail.com.