Nuair atá an fhoirm seo comhlánaithe agat, seol trí shampla ionadaíocha de do chuid oibre chuig
new.work@abbeytheatre.ie, agus cuir ‘Sparánachtaí Comórtha’ i líne an ábhair. Gheobhaidh tú teachtaireacht uathoibríoch le cur in iúl go bhfuarthas é. Ba cheart go mbeadh ar a laghad ceann amháin de na trí phíosa seo léirithe go gairmiúil.
Is féidir an saothar a roinnt linn mar naisc ghréasáin nó mar cháipéisí téacs. Má tá cáipéisí á seoladh isteach agat, bíodh siad i bhformáid .doc nó .pdf amháin, agus cuir d’ainm in ainm an chomhaid. Ba cheart gur phíosaí iad atá ar a laghad 15 nóiméad ar fad.
Ní bheimid in ann iarratais neamhiomlána a mheas, mar sin, déan seiceáil faoi dhó sula seolann tú an t-iarratas isteach go gcomhlíonann do shaothar na critéir seo.