Is í aidhm an tSuirbhé Píolótach seo ná forbairt a dhéanamh ar réadmhaoin ar phraghas cíosa réasúnta fadtéarmach do dhaoine ar mian leo fanacht nó
athlonnú go Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, chomh
maith le aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le rátaí arda folúntais
agus tréigthe sa cheantar.
Tá sé i gceist cur chuige amháin nó níos mó a fhorbairt a bheadh tarraingteach d’úinéirí
talún, agus ag an am gcéanna a chumasódh an forbairt fhadtéarmachmaoine cíosa inacmhainne. Chun é
sin a bhaint amach, ní mhór aghaidh a thabhairt ar saincheisteanna faoin
inmharthanacht agus faoin riosca a bhaineann len a leithéid.
Ag an bpointe seo, ba mhaith linn tuairimí
a fháil ar an gcineál láithreacha agus ar líon láithreacha na maoine tréigthe in Uíbh
Ráthach, ionas gur féidir linn díriú ar chur chuige cuí.
Freagair na ceisteanna seo a leanas, le do
thoil, maidir le teach folamh ar leatsa é. Má tá níos mó ná teach folamh amháin
agat, b’fhearr cóip ar leith den suirbhé seo a chomhlánú le haghaidh gach
tí.
Tabhair do d’aire go bhfuil do fhreagraí ar
an suirbhé seo anaithnid. Sé atá i gceist leis an bhfaisnéis atá á bailiú
againn ná tuiscint ghinearálta a fháil ar na cineálacha maoine atá ann. Más
mian leat dul i dteagmháil leis an tionscadal faoi shuíomh ar leith, déan
teagmháil linn ag tascfhorsa@udaras.ie