Ceistneoir: ar mhaith leat bheith i do Bhean nó Fear an Tí?    |   Survey: residential accommodation for Gaeltacht courses
Ó na 1950aidí, tá scoláirí Gaeilge ag freastal ar Choláiste Aoidh Mhic Bhricne. Roimh aimsir CAMB, d’fhreastal scoláirí Gaeilge ar chúrsaí i dTeileann chomh fada siar leis na 1920aidí. I mbliana, rinne muid cinneadh gan cúrsaí cónaithe Gaeltachta a reáchtáil in 2022. Bhí go leor cúiseanna leis an chinneadh seo, ach leis an bhriseadh a bhí ann idir 2020 agus 2021 le Covid, agus le go leor dár dteaghlaigh áitiúla ag coinneáil scoláirí le breis agus 30 bliain, ar an drochuair níl go leor leapacha againn cúrsa cónaitheach fiúntach a reáchtáil i mbliana.

Tá Coláiste Aoidh Mhic Bhricne an-bhródúil as an traidisiún fadbhunaithe atá againn le beagnach 70 bliain anuas agus níl sé i gceist againn críochnú. Tá muid ag tabhairt faoi thaighde agus muid ag amharc le cúrsaí samhraidh a chur ar bun arís amach anseo. Tá ár n-aird a dhíriú ar thithe agus ar theaghlaigh úra a thabhairt ar bord le scoláirí a choinneáil amach anseo.


Since the 1950s, language learners have been attending Coláiste Aoidh Mhic Bhricne’s summer courses. Before CAMB - language courses were held in Teileann as far back as the 1920s. This year we decided to postpone 2022 Gaeltacht residential courses. Several factors influenced this decision. With the break during 2020 and 2021 due to Covid and with many of our local families taking a break or retiring after several decades of keeping students, we found ourselves without an adequate number of beds and houses to organise a residential course.

Coláiste Aoidh Mhic Bhricne is incredibly proud of our long-standing tradition of providing summer Gaeltacht courses for almost 70 years. We are undertaking research with a view to running summer courses again in the future. Our attention now turns to recruiting new houses and local families who may be interested in keeping students in the years ahead.


Líon an ceistneoir le do thoil
Má tá spéis agat scoláirí a choinneáil; bheadh muid fíorbhuíoch dá dtiocfadh leat an ceistneoir faoi iamh a líonadh. Níl aon dualgas scoláirí a choinneáil má líonann tú an ceistneoir. Is mian linn an spéis atá ann sa cheantar a mheas le fáil amach cá mhéad teaghlach sa cheantar a mbeadh spéis acu a bheith páirteach linn amach anseo.

Cén uair a bhíonn cúrsaí ann?
Sa bhliain 2020, bhí trí chúrsa againn i dTeileann do scoláirí idir 12-17 bliain d’aois: cúrsa seachtaine, cúrsa coicíse agus cúrsa 10 lá idir Iúil agus tús Lúnasa.

Lóistín?
Ceadaítear dhá scoláire déag i ngach teach. Beirt an íosmhéid agus seisear an uasmhéid a cheadaítear i ngach seomra codlata. De ghnáth úsáidtear leapacha bunc. Caithfidh leithreas agus folcadán a bheith ar fáil in aghaidh gach deichniúir agus báisín láimhe in aghaidh gach seisir (an teaghlach san áireamh). Ní mór corás bráite agus aláraim dóiteáin de réir chaighdeáin na Roinne a bheith i ngach teach (BS 5839:2004). Tuilleadh eolais faoin chóras aláraim tine agus na rialacháin tí ar fáil ar iarratas.

Caidé a tharlaíonn gach lá?
Cuirtear bricfeasta agus lón pacáilte ar fáil gach maidin. Beidh daltaí sa choláiste ó 9.30am-4.30pm. Beidh siad ar ais don dinnéar agus fillfidh siad ar an choláiste ón 7-9.30pm. Cuirtear suipéar ar fáil daofa san oíche. De ghnáth, fanann idir 6 agus 12 scoláire sa teach. Ní mór fear nó bean an tí a bheith sa teach nuair atá scoláirí ann.

Cén tacaíocht atá ar fáil faoi láthair?
  • €25.20 saor ó cháin sa lá d’achan scoláire
  • Deontas suas le €6,000 ó Roinn na Gaeltachta leis an teach a chur in oiriúint do na riachtanas slándála srl.
  • Íocfar an deontas seo i dtrí íocaíocht ar luach €2,000 an ceann thar tréimhse trí bliana agus scoláirí sa teach agat
  • Cuirfear tacaíocht teanga ar fáil duit más gá fosta
*******

Please fill our questionnaire

If you are interested in keeping students, we would greatly appreciate if you could fill out our questionnaire. The questionnaire isn’t a commitment to keeping students - we wish to gauge interest in the area and establish the number and location of houses that may be willing to come aboard with Coláiste Aoidh Mhic Bhricne in the years ahead.

When are the courses?

In 2020, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne ran 3 summer courses for 12-17 year old students lasting one week, two weeks and 10 days from July until early August.

Accommodation?
Twelve students are allowed per house. A minimum of two and a maximum of six are allowed per bedroom. Traditionally bunk beds are used. A toilet and shower is required for every 10 people and a hand washing basin for every 6 people in the house (including family members). A fire detection and alarm system in line with Department guidelines must be installed (BS 5839:2004). Further information on the fire alarm system and accommodation regulations is available on request.

What’s the daily routine?
A cereal breakfast and a packed lunch is provided each morning. Students will be at the college from 9.30am–4.30pm. They return for dinner and go back to the college from 7-9.30pm. A supper is provided at night. Houses usually keep between 6 & 12 students. The Fear or Bean an Tí must be present while students are in the house.

What support is available at present?
  • A tax-free daily rate of €25.20 per student
  • A €6,000 start-up grant is available from Roinn na Gaeltachta to ensure your home meets the relevant safety requirements.
  • This will be paid in 3 installments of €2,000 over a period of 3 years keeping students
  • We will also provide any Irish language support necessary
Teagmháil | Contact

Niall 0879 162122           Pádraig colaisteaoidhteileann@gmail.com

Sign in to Google to save your progress. Learn more
Ainm (name) : *
Seoladh (address) : *
EirChód (Eircode) : 
*
Uimhir Theagmhála (Contact Number) : 
*
Seoladh ríomhphoist (Email): 
*

Tá suim agam scoláirí a choinneáil ó (I am Interested in keeping students from) : 

*
Required

Cé mhéad seomra atá ar fáil agam (Number of rooms I have available)

*

Líon scoláirí ar mhaith liom a choinneáil (Number of students I’d be interested in keeping) (maximum of 4 students per room as per guidelines mentioned above)

*

Líon seachtainí samhraidh ar mhaith liom scoláirí a choinneáil (Number of summer weeks I would be interested in keeping students)

*

An féidir linn teagmháil a dhéanamh leat faoin chomhrá seo a thabhairt chun cinn? (May we contact you about progressing your interest in keeping students?) 

*
An mbeifeá sásta go dtabharfadh innealtóir cuairt ar do theach le meastachán a dhéanamh ar an chostas a bhainfeadh le do theach a ullmhú go caighdeán a chomhlánaíonn rialacháin na Roinne?  (Would you be interested in an engineer visiting your home to provide an estimate of what it would cost for your home to meet the Department regulations?)                               
*

Aon cheisteanna nó tuairimí faoi scoláirí a choinneáil amach anseo? Do you have any questions or observations on possibly keeping students in the future? 

Submit
Clear form
Never submit passwords through Google Forms.
This form was created inside of Conradh na Gaeilge. Report Abuse