Ciste an Phobail
Tá buiséad beag teoranta ar fáil do thionscadail a thacaíonn le spriocanna phlean teanga Limistéar Pleanála Teanga Chiarraí Thiar (LPT) le Tobar Dhuibhne agus Baile Seirbhíse Gaeltachta Dhaingean Uí Chúis (BSG) le Dúchas an Daingin a bhaint amach. 

Is d’imeachtaí/gníomhaíochtaí nó tionscadail nua teangabhunaithe a léiríonn dea-thionchar ar úsáid nó ar chleachtas teanga sa phobal atá an maoiniú seo dírithe. Ní fhéadfar tacú le himeachtaí seanbhunaithe mura bhfuil gné nua á cur leo. 

Cuirfear fáilte speisialta roimis iarrataisí d'imeachtaí pobail a thacaíonn le cur chun cinn na teanga, ach go háirithe i réimsí na hÓige agus na bhFéilte. 

Braitheann an ciste seo ar chlár oibre na gCoistí Pleanála Teanga gach bliain. Is féidir aon ghné ded' iarratas a phlé linn ach teagmháil a dhéanamh le:
Tobar Dhuibhne: pleanteanga@cfcd.ie nó 0873769538. 
Dúchas an Daingin: optduchasandaingin@gmail.com nó 087 7004 884.

Ní chiallaíonn iarratas agus tacaíocht airgid. 
Sign in to Google to save your progress. Learn more
Email *
Next
Clear form
Never submit passwords through Google Forms.
This content is neither created nor endorsed by Google. Report Abuse - Terms of Service - Privacy Policy