Club Teic do dhaoine óga, clár ina bhfoglaimeoidh siad fé eagarthóireacht fuaime agus físe. Beidh gearrscannáin agus podchraoltaí á gcur le chéile acu, fé stiúr Shibéal, TechSpacer na bliana 2021, agus Aisling.
Tráthnóntaí Déardaoin ar feadh 5 seachtaine ón 6ú Iúil ar aghaidh.
Aois Ghrúpa: Rang 5 & 6, agus Bliain 1& 2 ag brath ar éileamh.
Am: 15:00 - 16:00 (Rang 5/6 & Bliain 1&2)
Dáta: 6ú Iúil go dtí an 3ú Lúnasa (Déardaoin)
Áit: Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh
Costas: Saor in aisce!
Beidh gléas / fón / taibléad ag teastáil ós na daoine óga..
Is ócáid de chuid Thobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar, é seo, agus mar sin is imeacht as Gaelainn a bheidh ann. Iarratar ort seo a phlé leis an leanbh agus go dtuigfidís é sin sara gcláraítear iad.