Comórtas Reatha na Gaeltachta 2022
Cén pobal Gaeltachta is aclaí in Éirinn? Glac páirt sa chomórtas uile Ghaeltachta seo ar son pobal Chiarraí Thiar! Siúil nó rith ar a laghad faoi dhó sa tseachtain, déan íosmhéid 10km san iomlán,  agus beidh tú mar chuid d'fhoireann dod' cheantair Ghaeltachta! Á eagrú i gCiarraí Thiar ag Tobar Dhuibhne agus Dúchas an Daingin.

Ní mór duit a bheith os cionn 16 bhliain d'aois le páirt a ghlacadh sa Chomórtas seo. Má tá tú idir 16 agus 18, ní mór do do thuismitheoir / caomhnóir clárú duit ar do shon.

Sign in to Google to save your progress. Learn more
Email *
An bhfuil tú os cionn 18 mbliana d'aois? *
An bhfuil tú idir 16 - 18 mbliana d'aois, agus tá seo á líonadh isteach ag do thuismitheoir / caomhnóir?
Clear selection
Ainm *
Seoladh *
Seoladh rphoist *
Uimhir ghutháin *
Ar mhaith leat a bheith páirteach i nGrúpa WhatsApp   a bhaineann leis an gcomórtas seo amháin? *
Ar mhaith leat a bheith coinnithe ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí Gaelainne i gCiarraí Thiar? *
Tá súil againn léinte reatha / aclaíochta a bhronnadh ar rannpháirtithe i mbliana. Cén méid léine a thógfá?
Clear selection
Tarscaoileadh - Waiver
Tuigim go bhféadfadh sé a bheith contúirteach a bheith páirteach san imeacht seo agus nár cheart dom cur isteach air ná a bheith páirteach ann mura bhfuil mé ábalta ó thaobh sláinte de nó nach bhfuilim traenáilte i gceart faoina chomhair.
Táim ar an eolas chomh maith agus glacaim le gach baol a bhaineann le bheith páirteach san imeacht seo, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do thitim, tionchar na haimsire, trácht agus an bhail atá ar an mbóthar/cosán. A mhéid a bhaineann liom féin, agus le mo chuid oidhrí agus seiceadóirí, déanaim tarscaoileadh, saoradh agus urscaoileadh síoraí a thabhairt leis seo do  Thobar Dhuibhne/Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne & Dúchas an Daingin, do na hurraitheoirí, do na tionscnóirí agus do gach duine dá ngníomhairí, dá n-ionadaithe, dá gcomharbaí agus dá sannaithe, agus do gach duine eile a bhfuil baint acu leis an imeacht, i leith mo chuid dliteanas, éileamh, gníomhartha nó damáistí go léir a d’fhéadfadh a bheith agam ina gcoinne agus a éiríonn as mo rannpháirtíocht san imeacht seo nó a bhfuil baint d’aon chineál acu leis an imeacht seo.
Tuigim go bhféadfaí an ghníomhaíocht a chur ar bun ar chosáin nó ar bhóithre phoiblí nó ar chosáin laistigh de Pháirceanna Poiblí atá oscailte don phobal ar a bhfuiltear ag súil le guaiseacha taistil. Comhaontaím chomh maith go stopfaidh mé láithreach de bheith páirteach sa ghníomhaíocht má chreidim nach bhfuil na coinníollacha sábháilte.
Deimhním go bhfuilim 18 mbliana d'aois nó níos sine trí chur isteach ar an imeacht. Má táim idir 16 agus 18 mbliana d'aois, deimhním go bhfuilim cláraithe le lánchead agus toil tuismitheora / caomhnóra, agus go n-aontaíonn siadsan leis na coiníollacha thuas agus thíos ar mo shon.

Tuigim go n-áirítear sa tarscaoileadh seo aon éilimh, cibé a tharla de bharr faillí, mar thoradh ar ghníomh nó neamhghníomh aon cheann de na páirtithe thuasluaite, nó seachas sin.
Deimhním go gcloífidh mé le treoracha agus rialúcháin covid-19 na Roinne Sláinte nuair a bheidh mé páirteach san imeacht seo.
Tugaim cead iomlán leis seo d'aon cheann de na páirtithe thuas agus do na páirtithe go léir thuas úsáid a bhaint as aon grianghraif, fístéipeanna, scannáin, íomhánna láithreáin gréasáin, taifeadtaí nó aon ábhar taifeadta eile den imeacht seo.
Deimhním NACH BHFUIL aon ghortú, galar ná riochtaí leighis agam ná orm a chuirfeadh cosc orm páirt a ghlacadh san imeacht seo nó a chuirfeadh i gcontúirt mé féin nó aon rannpháirtí eile. Tuigim cineál an imeachta seo agus glacaim go hiomlán leis go bhfuil mé ag glacadh páirte ar mo phriacal féin.


An nglacann tú leis an tarscaoileadh? *
Go raibh míle maith agat as clárú - go n-éirí leat i gComórtas Reatha na Gaeltachta 2022!
Submit
Clear form
Never submit passwords through Google Forms.
This content is neither created nor endorsed by Google. Report Abuse - Terms of Service - Privacy Policy