SNAP - Cúrsa i léiriú físe
Scéalta, Nuacht An Phobail

Tá Glór na nGael i gcomhar le Molscéal TG4 ag eagrú cúrsa léiriú físeán ar líne do choistí & grúpaí pobail agus clubanna CLG.

Tabharfaidh an cúrsa deis do na rannpháirtithe foghlaim conas scéalta a léiriú ar bhealach suimiúil agus tarraingteach ar chaighdeán le roinnt ar na meáin shóisialta.

- Cúrsa saor in aisce ar Zoom
- Do choistí, grúpaí nó clubanna atá cláraithe le Glór na nGael
- Teastóidh fón póca nó táibléad nó ceamara
- Teastóidh ríomhaire agus ceangal maith idirlín

Ag brath ar éileamh tá sé i gceist 5 rang, uair an chloig an ceann, a eagrú thar thréimhse dhá mhí idir seo agus deireadh 2021.

Déanfar gach aon iarracht na ranganna a eagrú ag am a bheidh oiriúnach do na rannpháirtithe uilig.

Beidh 'obair bhaile' le déanamh idir na ranganna.

Má tá spéis agat freastal ar an chúrsa, líon isteach an fhoirm seo agus déanfaidh muid teagmháil leat gan mhoill.

Spriocdháta d’iarratais 13/10/2021

Má tá deacracht ar bith agat leis an fhoirm seol nóta ar r-phost go dtí:  dara@glornangael.ie

Sign in to Google to save your progress. Learn more
Email *
Ainm Coiste / Club (atá cláraithe le Glór na nGael) *
Contae *
Ainm an rannpháirtí *
Seoladh rphoist an rannpháirtí *
Uimhir fhóin an rannpháirtí *
Tuigim nach mbainfidh Glór na nGael / Molscéal úsáid as aon sonraí pearsanta nó príobháideach atá curtha ar fáil agam anseo ach amháin i gcomhthéacs reáchtáil an chúrsa léiriú físe go héifeachtach. *
Míle buíochas as do léiriú spéise. BRÚIGH 'Submit'
Submit
Clear form
Never submit passwords through Google Forms.
This form was created inside of Glor na nGael. Report Abuse