An Cluiche Snatch
Fáilte romhat agus go raibh míle maith agat as ucht spéis a léiriú páirt a ghlacadh sa Chluiche Snatch!

Is seó é an Cluiche Snatch ina ndéanann na rannpháirtithe aithris i ndrag ar dhaoine cáiliúla agus ina líonann siad bearnaí in abairtí a thugtar dóibh i mbealach atá greannmhar agus i gcarachtar.

Cé go mbeidh muid ag léiriú an seó trí Ghaeilge, ní gá duit aithris a dhéanamh ar dhuine cáiliúil a bhfuil Gaeilge acu. Tá cead agat aithris a dhéanamh ar dhuine beag beann ar a n-inscne agus tá fáilte roimh gach duine páirt a ghlacadh sa seó beag beann ar inscne ná ar chlaonadh gnéis.

Beidh muid ag déanamh taifeadadh trí Zoom ar an gCluiche Snatch i mí na Bealtaine agus craolfar an físeán ag deireadh mhí an Mheithimh le haghaidh Bhród 2021. Déanfaimid eagarthóireacht ar an bhfíseán mar sin ní gá duit a bheith buartha agus tú ag glacadh páirte ann.

Líon an fhoirm thíos más mian leat bheith páirteach san imeacht spraíúil greannmhar seo agus bheith san iomaíocht don duais mhór de €300!

AerachAiteachGaelach X An Queercal Comhrá. Urraithe ag Foras na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge.
Sign in to Google to save your progress. Learn more
D'Ainm Féin *
Seoladh ríomhphoist *
Coinnigh súil air seo mar is tríd seo a rachaimid i dteagmháil leat faoin imeacht.
An bhfuil aon chúlra agat i gcúrsaí taibhléirithe (aisteoireacht, fuirseoireacht, srl)? *
Ná bí buartha mura bhfuil, táimid á fhiosrú seo díreach ar mhaithe leis an tacaíocht is fearr a thabhairt duit agus tú ag glacadh páirt sa Chluiche.
Carachtair
Scríobh amach ainm an charachtair atá roghnaithe agat don Chluiche Snatch. Bheimis an-bhuíoch dá bhféadfá níos mó ná rogha amháin a chur síos freisin, sa chás nach mbeidh do chéad rogha feiliúnach ar chúis ar bith. Socróimid cruinniú leat sula ndéanfaimid an taifeadadh ar an seó le do rogha a phlé mar sin ní gá duit cinneadh daingean a dhéanamh anois.
Rogha 1: Ainm an charachtair don Chluiche Snatch *
Rogha 2: Ainm an charachtair don Chluiche Snatch *
Roghanna eile: Ainm an charachtair don Chluiche Snatch *
An bhfuil aon cheist agat orainn faoin imeacht?
Submit
Clear form
Never submit passwords through Google Forms.
This content is neither created nor endorsed by Google. Report Abuse - Terms of Service - Privacy Policy